An Scríbhneoir
Express yourself in the fiction and poetry section.
Chonaic mé thú
I d'aonair
Gan aon rud leat
Ach do pháipéar,
Is do pheann.
Ní raibh uaigneas ort.
Ceapaim go raibh miongháire
I bhfolach
Ar d'aghaidh.
Bhí drithle i do shúile...
Is tú ag scríobh
Gan aon sos.
Sa nóiméad sin,
Bhí beocht ionat.
Leat féin a bhí tú
Ach ní raibh tú i d'aonair.
Bhí na chairde is ansa duit leat;
Do pháipéar,
Is do pheann.
Bhí sioscadh cáinte
Timpeall ort sa seomra
Ach ní raibh sé ag cur isteach ort.
Bhí tú i ndomhain difriúl,
I ndomhain duit féin.
Fós bhí tú ag scríobh
Agus tú ag scríobh
Do fhocail féin.
Ní raibh ort
Bheith cúramach
Leis na focail..
Toisc nach raibh tú
Ag freagairt le h-aon duine...
Ach amháin,
Tú féin.
By: Ruth Ní Bheoláin




